Dúshlán 2023 – De La Salle

Dúshlán 2023

Seachtain na Gaeilge 2023

Dúshlán 2023

For the second year in a row, our TY students competed in the nationwide “Dúshlán 2023” competition. This competition took place just before Seachtain na Gaeilge this year. In teams of three, the students had to complete a series of 30 challenges in Irish over 50 hours against hundreds of other teams from secondary schools all across Ireland and even university teams. In a race to finish all of the challenges in time, students engaged with the Irish language within their communities in a fun and engaging way through creating videos, Tik Toks, fitness challenges, designing products, recreating movie scenes, acting out a drama, translating songs to Irish, emailing their local politician and so much more all as Gaeilge ! Students really enjoyed engaging with the Irish language in a fun and practical way outside of the classroom.

 

Jamie Hourihan

Thóg mé páirt i nDúshlán 2023 in éineacht le mo ghrúpa “DLS Abú”. Bhí triúr i mo ghrúpa. Mé féin, Robert agus Ruairi. Chríochnaíomar fiche trí dúshlán as tríocha. Bhí orainn Gaeilge a úsáid le haghaidh gach dúshlán. Is breá liom an dúshlán nuair a chanamar “Amharán na bhFiann nuair a bhí an planc á dhéanamh againn. Thaitin na dúshláin liom agus bhaineamar idir taitneamhach agus tairbhe as.

 

Cian Cronin

I nDúshlán 2023, bhí Eoin Moynihan, Ben O’Riordan agus mé féin i mo ghrúpa. Ba é ainm an ghrúpa ná “Sceallóga”. Bhí orainn a lán tascanna a dhéanamh, mar shampla, chan mé “Amhrán na bhFiann” nuair a bhí mé ag déanamh planc. D’aistrigh Eoin ainmneacha trí aip go Gaeilge. Scríobh Ben rap as Gaeilge faoin gcomórtas. Chuireamar ceist ar dhuine sa bhaile le haghaidh treoracha go dtí an caisleán. Thógamar a lán grianghraif agus físeáin i rith an cluiche. Ag deireadh an caoga uair an chloig, chríochnaíomar gach dúshlán. Bhí an comórtas go hiontach ar fad. Bhaineamar idir taitneamh agus tairbhe as. 

 

Cian Faller O Sullivan

Bhí Kuba Milek, Cormac Keoghan agus Marco Irwin i mo ghrúpa. Is é an rap cheol an dúshlán is fearr liom. Scríobh mé féin agus Cormac an rap. Rinne Marco an físeán Love Island agus rinne Kuba an físeán faoi Seachtain na Gaeilge. Bhí orainn an Ghaeilge a úsáid le haghaidh gach dúshlán. Bhaineamar lán taitneamh as.

 

Cormac Burke

Bhí mé i ngrúpa le Fionn agus Gavin. Chuamar timpeall an bhaile ag dhéanamh dúshlán difriúla, ar nós físeán greannmhar a chruthú faoi “Love Island “. Bhí orainn planc a dhéanamh nuair a bhíomar ag canadh Amhrán na bhFiann. Fuaireamar treoracha don bpáirc peil ó bhean áitiúil. Thaitin Dúshlán go mór liom mar is rud difriúil é. Bhaineamar taitneamh as grianghraif agus físeanna greannmhar a thógaint.

 

 

Leave a Reply

Contact us today!


This will close in 20 seconds